Immagini della pagina
PDF
ePub

Níor bhfada go dtáinig an chailleach, agus dubhairt, « teannam, rachamaoid ag rómhar conlaigh andhiú. » Chuadar amach 'san bpáirc, agus thosuigheadar ag rómhar. Thug an chailleach leathiomaire i dtosach, agus Donnchadh leath-iomaire 'na diaigh. Níor bhfada go raibh an t-allus ag rith as Dhonnchadh mór. Chongbhaigh sé suas léi fad an laé, acht níor oibrigh sé aon lá ariamh chomh cruaidh, agus bhí sé beag-nach marbh trathnóna.

Bhí sé ag brath ar éalódh a-bhaile an oidhche sin, agus d'imtheỏchadh, muna mbeidheadh inghean na caillighe. Nuair fuair sise faill ar a máthair, d'fiafruigh sí de Dhonnchadh cia an chaoi chuaidh sé ar aghaidh ar feadh an laé. D'innis sé dhỉ nach bhfanfadh sé fad laé eile, acht go raibh sé i ngrádh léi féin. Dubhairt sise må bhi seisean i ngrádh léi go raibh sise i ngrádh leisean, agus dubhairt sí dá bhfanfadh sé nach mbeidheadh aon obair chruaidh air nios mó, agus go ndeanfadh si é chomh láidir le leòmhan.

Bhí cú dubh ag an gcailligh, agus cia bé d' ólfadh bainne an chú [na chon] bheidheadh sé chomh láidir le tri fichid fear. Ar maidin, lá ar n-a mhárach, do fhliuch an inghean arán Dhonnchaidh le bainne an chú, agus nuair chuaidh sé ag rómhar leis an gcailligh an là sin d'fheud sé congbháil suas léi go réidh. An dara lá bhí sé níos láidre, agus an tríomhadh là d'fheud sé an chailleach do bhualadh, gan dochar ar bith do chur air féin. Bhidheadh sé ag éirighe níos láidre ỏ lá go lá, agus bhidheadh iomaire fad na páirce rómhartha aige sul do bheidheadh an chailleach leath-bhealaigh. Bhidheadh sise ar mire agus ag fághail lochd ar a láidhe h-uile lá.

Chuaidh sí go gabha draoidheachta agus dubhairt leis láidhe úr do dhéanamh di. Rinne sé sin, acht níor fheud si Donnchadh do bhualadh le láidhe ar bith, mar bhí an inghean ag fliuchadh a chuid aráin le bainne an chu dhuibh, agus bhí sé ag éirighe níos låidre h-uile là.

Aon uair amháin bhiodar ag rómhar le chéile ann san bpáirc agus chuaidh Donnchadh amach roimh an gcailligh, agus chuir sin fearg uirri. « Congbhaigh taobh-shiar díom, » ar sise.

La vieille ne fut pas longtemps à venir et dit : — « Allons, nous allons bêcher le chaume aujourd'hui. » Ils sortirent dans le champ et se mirent à bêcher. La vieille prit au commencement d'un demi-billon et Donnchadh à sa suite, l'autre demi-billon (1). La sueur ne tarda pas à courir sur le grand Donnchadh. Il suivit la vieille, mais il n'avait pas travaillé un seul jour aussi dur et il était à moitié mort, au soir.

Il pensait à s'enfuir chez lui, et il serait parti, sans la fille de la vieille. Quand elle trouva une occasion à l'insu de sa mère, elle demanda à Donnchadh comment il avait été pendant le jour. Il lui raconta qu'il ne resterait pas un autre jour, à moins qu'il ne l'aimât. Elle lui dit que s'il l'aimait, elle l'aimait aussi et lui dit que s'il restait, aucun ouvrage ne serait plus dur pour lui, et qu'elle le rendrait aussi fort qu'un lion.

La vieille avait un chien noir et quiconque buvait du lait du chien était aussi fort que soixante hommes. Au matin, le lendemain, la fille trempa le pain de Donnchadh dans le lait du chien et quand il alla bêcher avec la vieille ce jour-là, il put la suivre facilement. Le second jour, il était encore plus fort et le troisième jour, il put battre la vieille sans se faire de mal. Il devenait plus fort de jour en jour et il avait bêché la longueur d'un sillon du champ avant que la vieille fût à moitié chemin. Elle en devenait folle et trouvait un défaut à la bêche tous les jours.

Elle alla trouver un forgeron sorcier et lui dit de lui faire une nouvelle bêche. Il le fit, mais elle ne put pas du tout battre Donnchadh avec cette bêche, car la fille trempait son pain dans le lait du chien et il devenait de plus en plus fort tous les jours.

Une fois, ils étaient en train de bêcher l'un avec l'autre dans le champ; Donnchadh dépassa la vieille et cela la mit en colère: - «Suis-moi par derrière, » dit-elle.

(1) Deux personnes qui bêchent ensemble le même billon ne peuvent être à côté l'une de l'autre, car elles se gêneraient. La première est un peu en avant de la seconde. Il en est de même pour faucher. D. H.

« Ní chongbhóchad,» ar seisean, «< muna bhfuil tú ionnánn cong bháil rómham tabhair tosach dam. »

<«< Nior thug mé tosach d'aon fhear ariamh, agus ní'l tusa dul d'á fhághail uaim, » ar sise.

<«< Fan mo dhiaigh, » ar sa Donnchadh.

Leis sin tháinig lasadh feirge uirri, agus thug sí iarraidh ar bhuille de'n láidhe do thabhairt dó, acht fuair seisean greim ar chois an láidhe, tharraing uaithe é, agus chaith sé seacht bpéirse taobh-amuigh de'n pháirc é. Ann sin fuair sí greim sgornaigh air, agus thug iarraidh le n-a thachdadh. Chuir seisean í faoi, acht níor fhéad sé an greim do bhí aici ar a sgornach do sgaoileadh, agus bhí sé tachdta aici go cinnte, acht go dtáinig an inghean go díreach i n-am le n-a shábháil, agus sgaoil sise greim na caillighe. Rinne sí síothcháin idir an mbeirt, agus thug sí an mháthair a-bhaile léi.

'Ná dhiaigh sin chuadar ar aghaidh go maith go dtáinig aimsir bainte an fhéir. Ghleus an chailleach speal di féin, agus ghleus Donnchadh ceann eile. Trathnóna Dia Dómhnaigh dubhairt an chailleach << béidhmid ag spealadóireacht amárach. »> «< Maith go léór, » ar sa Donnchadh, « táim réidh. »

An oidhche sin dubhairt inghean na caillighe le Donnchadh, « táir [tá tu] dul ag spealadóireacht amárach, agus tabhair aire dhuit féin. Cuirfead spicidhe cliath [spícidhe cléithe] síos san talamh i mbouta [lorg] mo mháthair, agus ní bhéidh trioblóid ar bith ort ag congbháil suas léi. »

<< Go raibh maith agad, a chuisle mo chroidhe, ar sa Donnchadh, « tig liom congbháil suas léi go réidh.

« Ní thig leat, » ar sise, « tá speal ag mo mháthair agus congbhaigheann sí an faobhar ar feadh an ama bhéidheas an féar d'á bhaint, go mbeidh deireadh an fhéir gearrtha, acht má chailleann sí an faobhar aon uair amháin, ní bhéidh sí níos fearr 'ná aon speal eile. [Is faobhar iongantach atá ar speil mo mháthar. H-uile shéasúr sul thosaigheann sí ag baint léi tugann sí go srothán uisge í. Cuireann sí an lann ann san uisge. Ann sin

« Je ne te suivrai pas, » dit celui-ci, « si tu n'es pas capable

de rester devant moi, donne-moi la première place. »

— « Je n'ai jamais cédé à personne la première place et ce n'est pas toi qui me la prendras, » dit-elle.

- Reste par derrière moi, » dit Donnchadh.

[ocr errors]

Là-dessus, la flamme de la colère la prit et elle essaya de lui donner un coup de bêche, mais il saisit le pied de la bêche, la lui arracha et la jeta à sept perches hors du champ. Alors elle le prit à la gorge et essaya de l'étrangler. Il la saisit, mais ne put lui faire desserrer son étreinte à la gorge et elle l'aurait sûrement étranglé; mais la fille arriva immédiatement à temps pour le sauver et desserra l'étreinte de la vieille. Elle fit la paix entre eux deux et elle emmena sa mère à la maison.

Après cela, tout alla bien jusqu'à ce que vînt le temps de couper le foin. La vieille prépara une faux pour elle et Donnchadh en prépara une autre. Le dimanche soir, la vieille dit : « Nous nous mettrons à faucher demain. » « C'est très bien, » dit Donnchadh,« je suis prêt. »

Cette nuit-là, la fille de la vieille dit à Donnchadh :

« Tu

vas aller faucher demain, et fais attention à toi. Je mettrai en terre des dents de herse sur le chemin de ma mère et tu n'auras pas du tout de mal à la suivre.

- Merci, veine de mon cœur, dit Donnchadh, « je puis la suivre facilement. >

[ocr errors]

<«< Tu ne peux pas, » dit-elle. « Ma mère a une faux qui reste affilée tout le temps qu'on coupe le foin jusqu'à ce que la totalité du foin soit coupée; mais si cette faux perd le fil une seule fois, elle n'est pas meilleure qu'une autre. [C'est un tranchant merveilleux qu'a la faux de ma mère. Chaque saison avant de commencer à faucher, elle la porte à un ruisseau. Elle met la lame dans l'eau. Puis elle jette sur l'eau des brins de laine qui

sgaoileann sí ribeacha d'ollann anuas ag snámh leis an sruth agus ní'l sí sásta muna ngearrtar h-uile ribe aca bhaineas le lann na speile nuair thiucfas siad chomh fada leis] (1).

Ar maidin Dia Luain chuaidh an chailleach agus Donnchadh chum an mhóinfhéir ag baint. Thosaigh an chailleach ar an mbouta tosaigh, an áit a raibh na spícidhe sáighte ann san talamh ag an inghin. Níor bhfada gur casadh ceann aca léi. Ghearr sí i. acht bhain sí an faobhar de'n speil. « Cupỏg chruaidh, ar sise. << 'Seadh » ar sa Donnchadh. Casadh ceann eile léi agus rinne sí an rud céadna leis. « Dar m'anam,» ar sise, « is cruaidh na cupóga atá ann san mỏinfheur i mbliadhna. » « Is cruaidh go deimhin, ar sa Donnchadh.

Chuaidh si piosa eile, acht ni raibh an speal ag gearradh go maith dhí, agus ghlaodh si « Faobhar, a Donnchaidh. » Chuir sí suas faobhar, acht ní dheachaidh si cúig slata gur gháir sí amach arís. « Faobhar, a Dhonnchaidh. » Thug sé am di an dara faobhar do chur suas, acht faoi cheann cúpla móimid ghlaodh sí arís « Faobhar a Dhonnchaidh [le faobhar gearrtar féar. >>

<< Ní h-eadh, a chailleach, » ar seisean, « acht le fear maith agus le sean-speil ghéir]). Agus muna bhfágann tú mo bhealach bainfidh mé na loirgne dhiot. »

<< Tabhair am dam leis an bhfaobhar do chur suas an uair seó, agus má chliseann mo speal orm arís go mbéidh an cúrsa so criochnuighthe déanfaidh mé da leith de'n lann. >>

Chuir si suas faobhar eile agus thosaigh sí ag baint, acht ní dheachaidh sí fiche troigh go raibh an faobhar imthighthe aris. Bhí sí ar mire, agus thug sí iarraidh le lann na speile do bhriseadh ar a glúin, acht thionntaigh an lann agus ghearr sé an ghlún go doimhin, agus b'éigin di fios do chur ar a h-inghin le n-a h-iomchar a-bhaile; agus ní tháinig sí anaice le Donnchadh go raibh an móinfhéar gearrtha.

(1) Is ó innsint Sheumais Ui h-Airt, an t-alt so, acht níor chuir mé sios a cheart-fhocla: innsim é i m'fhocalaibh féin,

(2) O Sheumas o h-Airt.

« IndietroContinua »